Sráidchló GC - leagan 3.00

Tá Sráidchló GC bunaithe ar an litreoireacht atá le feiscint ar chomharthaí sráide a crochadh i mBaile Átha Cliath idir fichidí agus seascaidí an chéid seo caite. Ceannlitreacha amháin a úsáideadh ar na comharthaí sráide agus b'éigean mionlitreacha a dhearadh as an nua don chló seo. Ní oireann Sráidchló GC do théacsaí fada ná do thomhais bheaga mar tá na spásanna idir na litreacha cúng go leor. Moltar an cló a úsáid i dtomhais mhóra le haghaidh comharthaí, fógraí agus a leithéidí.

NÍ cheadaítear an cló seo a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré. Is ceadaithe é a úsáid saor in aisce chun ábhar ar bith i dteanga Cheilteach, nó chun ábhar neamhthráchtála in aon teanga eile a fhoilsiú. NÍL sé ceadaithe an cló seo a úsáid chun ábhar tráchtála a fhoilsiú i dteanga neamh-Cheilteach gan ceadúnas a fháil ó Ghaelchló roimh ré.

[This font may NOT be distributed by any means whatsoever unless permission is first obtained from Gaelchló. It may be used free of charge for the publication of any material in a Celtic language, and of non-commercial material in any other language.  This font may NOT be used for the  publication of commercial material in a non-Celtic language unless a license is first obtained from Gaelchló.]

Vincent Morley
9 Samhain 2022