
Tá tacair stíle (stylistic alternates), nasclitreacha caighdeánacha (standard ligatures), nasclitreacha roghnacha (discretionary ligatures) agus malairtí comhthéacsúla (contextual alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Ar an leathanach seo, léirítear conas is féidir teacht ar na carachtair mhalartacha seo in MS Word in Pages, agus in LibreOffice Writer, trí cinn de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le macOS.
Is é an réamhshocrú in MS Word go mbíonn nasclitreacha caighdeánacha ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena gcur ar siúl ach is feidir iad a chur ar ceal.
Chun teacht ar charachtair mhalartacha in MS Word, téigh chuig Format agus ansin chuig Font ar an roghchlár. Roghnaigh Advanced sa bhosca a osclóidh. Beidh tú in ann na nasclitreacha roghnacha, na tacair stíle, agus na malairtí comhthéacsúla atá uait a phiocadh, mar a fheictear sa léaráid thíos. Buail an cnaipe a bhfuil OK air chun an t-athrú a dhéanamh.

Is é an réamhshocrú in Pages go mbíonn nasclitreacha caighdeánacha agus malairtí comhthéacsúla ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena roghnú ach is féidir iad a chur ar ceal.
Chun tacair stíle nó nasclitreacha roghnacha a roghnú in Pages, téigh chuig Format, ansin chuig Font agus ar aghaidh chuig Show Fonts. Roghnaigh an cló atá uait agus buail ar Typography settings (an deilbhín a bhfuil 'Aa' air) sa bhosca a osclóidh. Osclóidh bosca eile ansin agus beidh tú in ann na nasclitreacha roghnacha agus na tacair stíle atá uait a phiocadh, mar a fheictear sa léaráid thíos.

Is é an réamhshocrú in LibreOffice Writer go mbíonn malairtí comhthéacsúla agus nasclitreacha caighdeánacha ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena roghnú.
Chun tacair stíle nó ar nasclitreacha roghnacha a roghnú in LibreOffice Writer, téigh chuig Format agus roghnaigh Character ón liosta. Téigh chuig Font sa bhosca a osclóidh, roghnaigh an cló atá uait ón liosta, agus buail an cnaipe a bhfuil Features air. Osclóidh bosca inar féidir leat cibé nasclitreacha roghnacha nó tacair stíle atá le fáil a phiocadh. Buail na cnaipí a bhfuil OK orthu chun na boscaí a dhúnadh agus an t-athrú a dhéanamh.
