Caraċtair ṁalartaċa (Linux)

Tá malairtí stíle (stylistic alternates), nasclitreacha caighdeánacha (standard ligatures), nasclitreacha roghnacha (discretionary ligatures) agus malairtí comhthéacsúla (contextual alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Ar an leathanach seo, léirítear conas is féidir teacht ar na carachtair mhalartacha seo in LibreOffice Writer, ceann de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le Linux.



LibreOffice Writer

Is é an réamhshocrú in LibreOffice Writer go mbíonn malairtí comhthéacsúla agus nasclitreacha caighdeánacha ar siúl go huathoibríoch; ní gá duit aon rud a dhéanamh lena gcur ar siúl.

Chun teacht ar mhalairtí stíle nó ar nasclitreacha roghnacha in LibreOffice Writer, téigh chuig Formáid ('Format') agus ansin roghnaigh Carachtar ('Character') ón liosta. Téigh chuig Cló ('Font') sa bhosca a osclóidh, roghnaigh an cló atá uait ón liosta, agus buail an cnaipe a bhfuil Gnéithe ('Features') air, mar a léirítear thíos:

Osclóidh bosca eile inar féidir leat cibé nasclitreacha roghnacha nó tacair stíle atá uait a phiocadh. Buail an cnaipe a bhfuil OK air chun an t-athrú a dhéanamh.