Deaschló GC - leagan 1.200

Tá Deaschló GC bunaithe ar an litreoireacht atá le feiscint ar chomharthaí sráide i gceithre bhaile sa deisceart: mar atá, Corcaigh, Luimneach, Cluain Meala agus Cill Airne. Ní bhfacthas samplaí de na litreacha 'j', 'q', 'x' ná 'z' ar na comharthaí sráide, áfach, agus b'éigean na litreacha seo a dhearadh as an nua.

Ní oireann Deaschló GC do theacsaí fada ná do thomhais bheaga. Moltar an cló a úsáid i dtomhais mhóra le haghaidh comharthaí, fógraí agus a leithéidí.

NÍ cheadaítear an cló seo a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré. Is ceadaithe é a úsáid saor in aisce chun ábhar ar bith i dteanga Cheilteach, nó chun ábhar neamhthráchtála in aon teanga eile a fhoilsiú. NÍL sé ceadaithe an cló seo a úsáid chun ábhar tráchtála a fhoilsiú i dteanga neamh-Cheilteach gan ceadúnas a fháil ó Ghaelchló roimh ré.

[This font may NOT be distributed by any means whatsoever unless permission is first obtained from Gaelchló. It may be used free of charge for the publication of any material in a Celtic language, and of non-commercial material in any other language.  This font may NOT be used for the  publication of commercial material in a non-Celtic language unless a license is first obtained from Gaelchló.]

Vincent Morley
29 Aibrean 2022
